Franz Kafka

From Wikipedia, the free encyclopedia

Franz Kafka
Remove ads

Feidhmeannach árachais, dlíodóir agus scríbhneoir Gearmáinise ab ea Franz Kafka (3 Iúil 1883 - 3 Meitheamh 1924). Meastar go forleathan go bhfuil Kafka ar cheann de na daoine is mó tionchair i litríocht an 20ú haois.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads
Remove ads

Saol

Tús a shaoil

Rugadh Kafka i bPrág san Ostair-Ungáir ag an am, arb í príomhchathair na Seice inniu í, agus tógadh i dteaghlach meánaicmeach Giúdach é.

Céimí de chuid Deutsche Karl-Ferdinands-Universität (Ollscoil Ghearmánach Karl-Ferdinand) i bPrág, d'aistrigh Kafka ón gceimic go dtí an dlí mar a phríomhábhar staidéir, ionas go mbeadh deis ní ba mhó aige staidéar a dhéanamh ar an nGearmáinis agus ar stair na healaíne agus toisc go raibh deiseanna gairme ní b'fhearr ag gabháil leis.[1]

Fuair Kafka dochtúireacht sa dlí sa bhliain 1906, tar éis dó staidéar a dhéanamh air ar feadh cúig bliana. Chaith sé bliain ina dhiaidh sin mar intéirneach gan phá sna cúirteanna, de réir a oibleagáide.

Obair

Chaith Kafka an chuid eile dá shaol oibre in dhá chomhlacht árachais,

  • Assicurazioni Generali (1907-1908) agus
  • an Arbeiter-Unfallversicherungs-Anstalt für das Königreich Böhmen in Prag (An Foras um Árachas Timpiste na n-Oibrithe le haghaidh Ríocht na Boihéime i bPrág, 1908-1918).

An chuid is mó den am sin, dhéanadh Kafka fiosrúchán ar éilimh árachais maidir le timpistí agus measúnú árachais. De ghnáth chríochnaíodh Kafka a chuid oibre faoi 2in gach lá. Mar sin bhí go leor ama aige lena chuid scríbhneoireachta a dhéanamh.

Thumb
Franz Kafka roimh 1900

Bás

Sa bhliain 1918, cuireadh Kafka amach ar phinsean míchumais mar gheall ar an eitinn, siocair a bháis sé bliana ina dhiaidh sin.

An eitinn ba thrúig bháis do Kafka. Bhásaigh sé in Klosterneuburg in aice le Vín.[2] De réir dealraimh, fuair Kafka bás go díreach leis an ocras ós rud é go raibh laraing athlasta aige de bharr na heitinne.

Remove ads

Saothar

Níor foilsíodh an chuid ba mhó dár scríobh Kafka ach i ndiaidh a bháis (féach na lisotaí thíos).

B'é a dhlúthchara agus seiceadóir liteartha, an scríbhneoir Max Brod (a bhí ina mhac léinn dlí leis), a choinnigh lámhscríbhinní Kafka i dtaisce. Thug Brod neamhaird ar threoir a thug Kafka ar leaba a bháis go ndófaí a chuid saothar neamhfhoilsithe. Chuir Brod os comhair an tsaoil mhóir iad, cé go raibh sé ordaithe ag Kafka féin dó na páipéir a chur trí thine.

Thumb
deirfiúracha Kafka

Is iomaí saothar as an gcuid is clúití dá chuid scríbhneoireachta—mar shampla

  • Der Prozess“ (An Triail) (a bhfuil an fáthscéal „Vor dem Gesetz“ (I Láthair an Dlí) istigh ann, a foilsíodh cheana féin sa bhliain 1915). Gabhtar fear maidin amháin ar chúisimh anaithnide, agus feictear é féin faoi whims cúirte aisteach.
  • Der Schloss“ (An Caisleán)—tá mearbhall agus éidreoir le feiceáil iontu, faoi mar a bheadh i dtromluí, agus duine á chloí ag maorlathas atá míloighciúil agus treallach, de réir cosúlachta.

Tá móitífeanna agus téamaí ón dlí go mór i gceist ina chuid saothar.[3] Ar an mbealach sin, gan amhras, spreag oiliúint Kafka sa dlí agus a chuid oibre mar fheidhmeannach árachais a chuid saothar liteartha, go pointe áirithe, fiú mura raibh sé ar intinn ak Kafka scigaithris a dhéanamh ar cheachtar acu ar bhealach ar bith.

Thumb
1910
Remove ads

Tionchar

Chuaigh a chuid gearrscéalta agus úrscéalta go mór mór i bhfeidhm ar an litríocht ó na 1920idí ar aghaidh.

Is minic a dhéanann dlíodóirí agus breithiúna inniu tagairt reitriciúil do nóisean an 'Kafkachais' agus iad ag cáineadh léamha nó feidhmithe an dlí atá saoithíneach, míloighciúil nó luaineach, dar leo.[4]

Foilseacháin

Foilsithe lena lá féin

  • 1909 - Ein Damenbrevier ("Portús do mhná")
  • 1909 - Gespräch mit dem Beter ("Comhrá le duine atá ag guí")
  • 1909 - Gespräch mit dem Betrunkenen ("Comhrá le duine atá ar meisce")
  • 1909 - Die Aeroplane in Brescia ("Na hEitleáin i mBrescia")
  • Thumb
    1917
    1912 - Großer Lärm ("Torann Mór")
  • 1913 - Betrachtung ("Marana"; ocht dtéacs déag próis, ina measc: Der Ausflug ins Gebirge, Der plötzliche Spaziergang)
  • 1913 - Das Urteil ("An Breithiúnas")
  • 1913 - Der Heizer ("An Stócálaí", an chéad chaibidil as an úrscéal neamhchríochnaithe "Der Verschollene")
  • 1915 - Die Verwandlung (An Claochlú)
  • 1915 - Vor dem Gesetz ("Os Coinne an Dlí", cuid den úrscéal Der Process)
  • 1918 - Der Mord ("An Dúnmharú", 1918; seanleagan de: Ein Brudermord, "An Fhionaíl" (1919))
  • 1918 - Ein Landarzt ("Dochtúir Tuaithe", ceithre théacs déag próis, ina measc an gearrscéal Ein Landarzt féin, chomh maith le Elf Söhne, Ein Bericht für eine Akademie agus a lán eile)
  • 1919 - In der Strafkolonie ("Sa Choilíneacht Phionóis")
  • 1921 - Der Kübelreiter ("An Fear atá ag Marcaíocht ar Bhuicéad Guail")
  • 1924 - Ein Hungerkünstler ("Ealaíontóir Ocrais", ceithre théacs próis)

Foilseacháin iarbháis

  • 1904–1905 - Beschreibung eines Kampfes ("Cur Síos ar Chath")
  • 1907–1908 - Hochzeitsvorbereitungen auf dem Lande ("Bainis Tuaithe á hUllmhú")
  • 1914–1915 - Der Dorfschullehrer ("Máistir na Scoile Tuaithe")
  • 1915 - Blumfeld, ein älterer Junggeselle ("Blumfeld, fear scothaosta nár phós")
  • 1916–1917 - Der Gruftwächter ("Garda an Tuama")
  • 1916–1917 - Die Brücke ("An Droichead". Max Brod a cheap an teideal.)
  • 1917 - Eine Kreuzung ("Crosbhóithre")
  • 1917 - Der Jäger Gracchus ("Gracchus, an Sealgaire". Max Brod a cheap an teideal)
  • 1917 - Beim Bau der Chinesischen Mauer ("Ag Tógáil Bhalla Mór na Síne")
  • 1917 - Eine alltägliche Verwirrung ("Meascán mearaí den ghnáthchineál". Max Brod a cheap an teideal)
  • 1919 - Brief an den Vater ("Litir chuig an Athair")
  • 1920 - Heimkehr ("Filleadh Abhaile" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1920 - Das Stadtwappen ("Armas na Cathrach" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1920 - Kleine Fabel ("Fabhalscéal Beag" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1922 - Forschungen eines Hundes ("Madra ag Fiosrú" - Max Brod a cheap an teideal)
  • 1922 - Das Ehepaar ("An Lánúin Pósta")
  • 1923–1924 - Der Bau ("An Láithreán Tógála", Max Brod a cheap an teideal)
  • 1925 - Der Process ("An Phróis Dlí"; bhreac an t-údar an scéal síos sna blianta 1914/15. Der Prozess an leagan comhaimseartha Gearmáinise den teideal, ach d'fheicfeá Der Prozeß agus Der Proceß freisin; Der Process a scríobh Kafka féin) (Tugtar An Triail ar leagan Gaeilge le Risteárd mac Annraoi den úrscéal seo.)
    Thumb
    fógra báis
  • 1926 - Das Schloss ("An Caisleán"; chuir Kafka an scéal seo ar pár an chéad uair sa bhliain 1922. Úrscéal neamhchríochnaithe é)
  • 1927 - Der Verschollene ("An Fear a nDeachaigh Ceal ann". Scríobh Kafka an chéad sceits sa bhliain 1912. B'é an teideal a cheap Brod dó ná Amerika, is é sin, "Meiriceá", agus is minic a fhoilsítear an t-úrscéal seo faoin teideal sin inniu féin. Úrscéal neamhchríochnaithe eile atá ann).
Remove ads

Tagairtí

Loading content...
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads