John Boyle O'Reilly

file, úrscéalaí, agus gníomhaí ar son na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia

John Boyle O'Reilly
Remove ads

File, úrscéalaí agus gníomhaí ar son na hÉireann ab ea John Boyle O’Reilly as Contae na Mí (a rugadh ar 28 Meitheamh 1844 agus a d’éag ar 10 Lúnasa 1890).[1]

Thumb
John Boyle O'Reilly sa bhliain 1866
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Éire agus Sasana

Fínín, agus de bharr a bhallraíocht i mBráithreachas na Poblachta, gabhadh é sa bhliain 1866. Caitheadh é i bPríosún i mBaile Átha Cliath ar dtús agus ansin Sasana.

Thumb
John Boyle O'Reilly, "file", greanadóireacht adhmaid: Harper's Weekly, v. 34, 1890, p. 664.

Astráil

In aimsir na bhFíníní sna 1860idí, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.

Cuireadh O'Reilly sall go dtí an Astráil mar phríosúnach, áit a chaitheamh i bPríosún Fremantle é in iarthar na hAstráile.

Tar éis eachtraí go leor, d’éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe. Ba é duine de bhuíonn fíorbheag a d’éirigh leofa éalú as an Astráil.

Remove ads

Na Stáit Aontaithe

Nuair a d’éirigh leis éalú go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. chuir sé faoi i mBostún.

Thumb
Escape of Fenian convicts from Fremantle, Western Australia, greanadóireacht, 20.5 x 25.6 cm, Australasian Sketcher, 8 Iúil 1876

Ag obair mar iriseoir dó leis an nuachtán The Pilot, scaip a cháil agus bhain sé cumhacht mhór amach i measc an phobail Éireannach a bhí ann. Scríobh sé cuid mhaith leabhair idir filíocht, úrscéalta agus cúrsaú reatha agus bhí tóir air mar léachtóir freisin.

An Tarrtháil Catalpa

Chuir na Fíníní a bhí fós sa bpríosún litir chuig O’Reilly ("glór ón tuama” mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú. Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre. Bailíodh airgead i Meiriceá agus san Astráil chun na seisear a tharrtháil.

=> Príomhalt: An Tarrtháil Catalpa

Thumb

Bás

Bhí a bhás conspóideach go leor ós rud é gur thóg sé piollairí le hoíche mhaith chodlata a bheith aige. Thóg sé ródháileog is cosúil, de thaisme b'fhéidir, agus bhuail taom croí é, ach dúradh go mb’fhéidir gur chuir sé lámh ina bhás féin. Ar ndóigh níorbh fhéidir é seo a chruthú nó a dhiúltú go dearfa.

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads