Martin McGuinness

From Wikipedia, the free encyclopedia

Martin McGuinness
Remove ads

Polaiteoir Éireannach ba ea James Martin Pacelli McGuinnessMáirtín Mac Aonghusa (23 Bealtaine 195021 Márta 2017).

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Ba bhall d'Ard Chomhairle Shinn Féin é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall den IRA Sealadach sna 1970dí.[1] Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhear síochána, ach bhí ceisteanna i gcónaí faoi ag daoine ar mharaigh an IRA a ngaolta.[2]

Thumb
2011
Thumb
Martin McGuinness, Ian Paisley agus George Bush, 7 Nollaig 2007
Thumb
 an plód a bhí ag a shochraid, an slua mór ar a shochraid
Thumb
Sochraid
Remove ads

Polaitíocht

Nuair a fógraíodh sos comhraic i 1994 i dTuaisceart Éireann, ba é McGuinness, ‘fear crua an IRA’, go háirithe a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach na síochána[3]. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.

Bhí páirt thábhachtach ag McGuinness sna cainteanna uileghabhálacha ar siúl idir na páirtithe sna 1990idí. Ba é an toradh a bhí ar an próiseas sin ná Comhaontú Aoine an Chéasta a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998. Bhí McGuinness ina phríomh-idirbheartaí as Sinn Féin ag an am sin.

Toghadh ina fheisire Parlaiminte é i 1997 agus ina theachta Tionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Ceapadh é mar Aire Oideachais i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt, ó 2 Nollaig 1999 – 14 D.F. 2002. 

Ceapadh McGuinness ina Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann sa chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta (8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017). Chuir an ceapachán alltacht ar Aontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis.[3]

Ainmníodh McGuinness ag Sinn Féin do toghchán uachtaránachta na hÉireann ar an 16 Meán Fómhair 2011.

D’éirigh McGuinness as an leas-chéad-aireacht i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite. Nuair a thit Stormont níor sheas McGuinness sa toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.

Remove ads

Saol

Saolaíodh McGuinness ar an 23 Bealtaine, 1950 i i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Ba dhuine de sheachtar clainne é.

D’fhág sé an scoil ag 15 bliain d’aois. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina phrintíseach ag búistéir.

Nuair a thosaigh na Trioblóidí, chuaigh sé leis an IRA. Faoin am ar tharla Domhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA Sealadach i nDoire.

Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola, mhaígh sé gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.

Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh.

Bhásaigh McGuinness ar 21 Márta, 2017. Chloígh an galar amalódóis é.[4]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads