WikiLeaks
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is éard is atá i gceist le WikiLeaks ná eagraíocht idirnáisiúnta,a bunaíodh sa Íoslainn, a fhoilsíonn aighneachtaí gan ainm agus doiciméid sceite de cháipéisí íogaire ó rialtais agus eagraíochtaí eile, agus ag an am céanna a chaomhnaíonn anaithnideacht a bhfoinsí.[1]
Stiúrann The Sunshine Press láithreán gréasáin na heagraíochta, a seoladh sa bhliain 2006. Deir an eagraíocht gur easaontaigh Shíneacha a bhunaigh í, chomh maith le hiriseoirí, matamaiticeoirí, agus gnólachtaí nua-thionscanta ó na Stáit Aontaithe, ón Téaváin, ón Eoraip, ón Astráil, agus ón Afraic Theas.


Remove ads
Sceitheadh eolais
- I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla ar 12 Iúil 2007 amach, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder. Tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh déaréag sibhialtach i mBaghdad.[2][3][4]
- I mí Iúil 2010, d'eisigh WikiLeaks Dialann Chogadh na hAfganastáine, díolaim de níos mó ná 76,900 doiciméad mar gheall ar an gCogadh san Afganastáin nach bhfuil ar fáil don phobal roimhe sin.
- I mí Dheireadh Fómhair 2010, d'eisigh an grúpa pacáiste de bheagnach 400,000 doiciméad ar a dtugtar Logchomhaid Chogadh na hIaráice i gcomhar le heagraíochtaí móra tráchtála na meán, an New York Times agus an Guardian ina measc.
- Fuadach Khaled El Masri
- Sceitheadh freisin 90,000 cáipéis rúnda Airm faoi chogadh Mheiriceá san Afganastáin.[2]
- I mí na Samhna 2010, thosaigh WikiLeaks ag scaoileadh cáblaí taidhleoireachta ón Roinn Stáit na Stáit Aontaithe. Foilsíodh i nuachtáin an New York Times agus an Guardian 250,000 teachtaireacht rúnda taidhleoireachta ó ambasáidí de chuid Mheiriceá ar fud an domhain a bhí aimsithe ag WikiLeaks.[2]
- Dúnmharuithe seachbhreithiúnacha sa Chéinia.
- Dumpáil dramhaíola tocsaineacha ar chósta na hAfraice,
- lámhleabhair Eaglais na hEolaíochta.
- Nósanna imeachta san ionad coinneála Camp X-Ray (Guantánamo).
- Ábhair a bhain le bainc mhóra ar nós Kaupthing agus Julius Baer.
Remove ads
Wikileaks in Éirinn
D’fhoilsigh an Irish Independent scéalta a chuir WikiLeaks ar fáil. Cuireadh an-spéis i sreangscéal amháin a seoladh as Ambasáid na Stát Aontaithe i mBaile Átha Cliath. Nuair a diúltaíodh do Chonradh Lisbon in Éirinn, dúirt Eamon Gilmore ar nuacht RTÉ nach mbeadh Páirtí an Lucht Oibre ar son reifreann eile a chur ar bun. Ach de réir an tsreangscéil seo, thug Gilmore cuairt ar an Ambasáid cúpla lá ina dhiaidh sin agus gheall sé dóibh go n-éileodh sé an dara reifreann.[4]
Remove ads
Iarmhairtí
Náiríodh na Stát Aontaithe, cuireadh fearg ar chinnirí airm agus polaitíochta agus gnó, agus dúradh gur cuireadh beatha daoine i gcontúirt de bharr an sceitheadh.[2]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads