Dave Allen

fuirseoir agus aorthóir Éireannach (1936-2005) From Wikipedia, the free encyclopedia

Dave Allen
Remove ads

Fuirseoir as Baile Átha Cliath ab ea David Tynan O’Mahoney (Gaeilge: Daithí Ó Teimhneáin Ó Mathúna), (6 Iúil, 193610 Márta, 2005), nó Dave Allen de ghnáth. Bhí cáil mhór ar Allen in Éirinn, sa Bhreatain agus san Astráil, sna 1960í agus na 1970í go háirithe.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Remove ads

Fuirseoir

Bhí stíl fhánach ag Allen mar fhuirseoir - shuigh sé ar chathaoir, agus d'ól sé uisce beatha agus chaith sé tobac tríd an taispeántas ar fad. Rinne sé magadh faoin gnáthshaol, agus bhain sé sult breise as magadh a dhéanamh faoi údaráis agus institiúidí, mar shampla faoin Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

Bhí cúpla chláir teilifís féin ag Allen, bhí an ceann deireanach ar ITV i 1993.

Bhí tionchar mór ag Allen ar a lán fuirseoirí eile in Éirinn agus sa Bhreatain. Ag deireadh gach taispeántais, thug Allen an bheannacht cháiliúil chéanna, "Oíche mhaith, agus go rachaidh bhur ndia in éineacht libh".

Remove ads

Saol

Thumb

Saolaíodh Allen i dTeach na Giúise i gContae Átha Cliath, mac le Cully Tynan O'Mahoney (a bhí ina eagarthóir ar an nuachtán Éireannach Irish Times), agus máthair Shasanach. D’fhág Allen an scoil agus é sé bliana déag d'aois, agus lean sé a athair isteach san iriseoireacht. Ghlac sé post mar leis an Drogheda Argus, agus bhog sé go dtí Sasana trí bliana níos déanaí.

Bhí cúpla poist eile aige, agus tar éis tamaill bhí sé ag obair i mButlins mar "Redcoat", ina óstach ar seónna éagsúla a bhí ar siúl acu.

D’athraigh sé a shloinne ó O’Mahony go Allen, nuair a d’éirigh sé tuirseach le daoine ag fuaimniú é mícheart.

Nuair a bhí The Beatles ag casadh cuid den a gcéad seónna, b’é Allen a bhí ina fhear óstach.

Thumb
The Beatles

Bhuail sé leis an aisteoir Judith Scott san Astráil agus phós siad sa bhliain 1964. Bhris siad suas sa bhliain 1983.

Chaill Allen méar amháin ar a lámh chlé, ach ní raibh aon eolas cinnte faoi cad a tharla. Tá seans gurb é timpiste ghluaisteáin a bhí i gceist.

Remove ads

Bás

Ag deireadh a shaoil, b’éigean do Allen éirí as a bheith ag caith tobac agus ag ól, dhá rud a thaitin go mór leis. Bhí eimfiséime ag cur as dó. Is coitianta an riocht é i measc caiteoirí troma toitíní. Chaith sé 80 Gauloises gach lá, a dúradh[1].

Cailleadh go tobann é, ina chodladh sa bhaile. D’fhág sé a bhean chéile Karin, a bhí ag iompar clainne, ina dhiaidh. Rugadh a mhac Cullum dhá mhí tar éis a bháis.

Is fuirseoir é Ed Allen, mac le Dave Allen.

Naisc sheachtracha

Féach fosta

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads